Mór mhilleas an mheanma bhaoth: Dán Grádha 63
By Anonymous
- Source: Dánta Grádha: An Anthology of Irish Love Poetry (A.D. 1350-1750)
- Léamh team: Síle Ní Murchú, Mícheál Hoyne
- Description: Love poem, c. 1700
[1]
Mór mhilleas an mheanma bhaoth,
gach buaidhreadh tig dá taobh súd;
gach díoghbháil dá ndéantar lé
níor thuigeas féin gus a-nú.
[2]
Tug mise le meanmain bhaoith
ró toile, gidh taom gan chéll,
do mhnaoi nách inneóstar leam,
madh fada madh gearr mo ré.
[3]
Inghean bhéldearg na mbas n-úr,
grádh tre chiontaibh dá cúl slim,
do réir mh’aithne níorbh fhiú a lán;
dá madh fiú cách, níorbh fhiú sinn.
[4]
Éagóir do radas grádh baoth
dá gruaidh thibhrigh, dá taobh slim;
ag so a-nois an bás rem bhéal, —
beag an sgéal, ní misde linn.
[5]
Mo shuan corrach, uch, mo-nuar!
mo smuaineadh fuar fada ó chéll,
mo chroidhe luath, m’intinn bhocht, —
beag an t-iongnadh nách olc lé.
[6]
Ní dúsgadh dhamhsa, ní suan;
ní hiomdha neach len truagh mé;
acht gidh beag an sgéal mo bhás,
is déanta grás ar son Dé.
[7]
Uch, ach! gion gur chubhaidh rinn
bheith dhuitse tinn mar atám,
ní fáth gotha mar tá mé, —
ní don duine féin an grádh.
[8]
Ní hé mh’anam iarrfas sionn
do choimhéad do chionn ar ngníomh;
fóireadh mé le a míorbhail fén,
guidhim Máthair Dé go díon.
[9]
Focal beag dá briathraibh féin,
bíodh nách bhfuighinn é fá dhó,
dom thoil féin dá ndearnadh sí,
níorbh iarrtha dhamh ní badh mó.
[1]
Mór mhilleas an mheanma bhaoth,
gach buaidhreadh tig dá taobh súd;
gach díoghbháil dá ndéantar lé
níor thuigeas féin gus a-nú.
[2]
Tug mise le meanmain bhaoith
ró toile, gidh taom gan chéll,
do mhnaoi nách inneóstar leam,
madh fada madh gearr mo ré.
[3]
Inghean bhéldearg na mbas n-úr,
grádh tre chiontaibh dá cúl slim,
do réir mh’aithne níorbh fhiú a lán;
dá madh fiú cách, níorbh fhiú sinn.
[4]
Éagóir do radas grádh baoth
dá gruaidh thibhrigh, dá taobh slim;
ag so a-nois an bás rem bhéal, —
beag an sgéal, ní misde linn.
[5]
Mo shuan corrach, uch, mo-nuar!
mo smuaineadh fuar fada ó chéll,
mo chroidhe luath, m’intinn bhocht, —
beag an t-iongnadh nách olc lé.
[6]
Ní dúsgadh dhamhsa, ní suan;
ní hiomdha neach len truagh mé;
acht gidh beag an sgéal mo bhás,
is déanta grás ar son Dé.
[7]
Uch, ach! gion gur chubhaidh rinn
bheith dhuitse tinn mar atám,
ní fáth gotha mar tá mé, —
ní don duine féin an grádh.
[8]
Ní hé mh’anam iarrfas sionn
do choimhéad do chionn ar ngníomh;
fóireadh mé le a míorbhail fén,
guidhim Máthair Dé go díon.
[9]
Focal beag dá briathraibh féin,
bíodh nách bhfuighinn é fá dhó,
dom thoil féin dá ndearnadh sí,
níorbh iarrtha dhamh ní badh mó.
[1]
Mór mhilleas an mheanma bhaoth,
gach buaidhreadh tig dá taobh súd;
gach díoghbháil dá ndéantar lé
níor thuigeas féin gus a-nú.
[2]
Tug mise le meanmain bhaoith
ró toile, gidh taom gan chéll,
do mhnaoi nách inneóstar leam,
madh fada madh gearr mo ré.
[3]
Inghean bhéldearg na mbas n-úr,
grádh tre chiontaibh dá cúl slim,
do réir mh’aithne níorbh fhiú a lán;
dá madh fiú cách, níorbh fhiú sinn.
[4]
Éagóir do radas grádh baoth
dá gruaidh thibhrigh, dá taobh slim;
ag so a-nois an bás rem bhéal, —
beag an sgéal, ní misde linn.
[5]
Mo shuan corrach, uch, mo-nuar!
mo smuaineadh fuar fada ó chéll,
mo chroidhe luath, m’intinn bhocht, —
beag an t-iongnadh nách olc lé.
[6]
Ní dúsgadh dhamhsa, ní suan;
ní hiomdha neach len truagh mé;
acht gidh beag an sgéal mo bhás,
is déanta grás ar son Dé.
[7]
Uch, ach! gion gur chubhaidh rinn
bheith dhuitse tinn mar atám,
ní fáth gotha mar tá mé, —
ní don duine féin an grádh.
[8]
Ní hé mh’anam iarrfas sionn
do choimhéad do chionn ar ngníomh;
fóireadh mé le a míorbhail fén,
guidhim Máthair Dé go díon.
[9]
Focal beag dá briathraibh féin,
bíodh nách bhfuighinn é fá dhó,
dom thoil féin dá ndearnadh sí,
níorbh iarrtha dhamh ní badh mó.