Pairlement Chloinne Tomáis (The Parliament of Clan Thomas)

By Anonymous

Feacht n-aon dár fhás comhéirghe agas coinbhliocht coguidh eidir na déeibh ifrionnda fhios cia dhíobh do áitreabhfadh an fearann eidir Sruth Stix agas Sruth Acheron, agas do choimhthionóladar na geinte ifrionnda as gach áitreabh a rabhadar ar bhrú Srotha Stix, agas as iad so fa hárdtaoisig acu, eadhon Belsebub agas Abíron agas Sátan; agas do fearadh cath créachtach crólinnteach eaturra, madhmus an cath ar Bhelsebub gona mhuinntir, agas do dhíothchuireadar cách iad fa ioltuathuibh na talmhan agas fa chríochuibh an domhuin mhóir, do lot agas do lánmhilleadh toraidh na talmhan ar na cineadhachuibh go comhchoitchionn.

Ro leathnuigheadar na cineoil dheamhnuighe sin fan gcruinne gceathardha go coimhleathan haghmhilleadh. Do bhí mac ag an mBeilsebub sin darbh ainm Dracapéist, mac do sin Lóbus Laghrach, mac do sin Liobur Lobhtha. Do bhádur sin ag aghmhilleadh bfhear nÉirionn go haimsir Laoghaire mhic Néill Naoighiallaigh do bheith a bfhlaithios Éirionn; agas do bhí taoiseach toirteamhuil tromchonáigh re tórrumh le treabhaireacht ag Laoghaire, eadhon Bladhorrnn Bréanánach mac Palcamais; agas do bhí inghean ag an mBladhorrnn sin, eadhon Beistea a hainm, agas do pósadh le Liobur Lobhtha í, ro geineadh clann iomdha eaturra; do bhí mac don chloinn sin do dhearrsgnuidh ar fhuathmhuireacht ar ainmheasardhacht an cineadh ó dtáinig .i. Tomás Mór modurrtha mísgiamhach mac Liobair Lobhtha.

As í sin uair aimsior tháinig Pádruig an Éirinn go sruithibh iomdha leis do shíolchur chrábhaidh chreidimh eidir na geintibh geinntlighe do bhí an Éirinn an tan sin. Is annsin do thionóil Pádruig sruithe agas naoimh Éirionn chum aonbhuill as a haithle, agas as í comhairle do-rónsad: na hiolchineoil diabhulda uile do dhíthchur a hÉirinn; agas do ghabhsad agá gcomhfhógradh as gach áit a rabhadar go mullach Cruaiche Pádruig, agas do dhíbir Pádruig iad go Loch na nDeamhan, acht Tomás amháin; is uime nár cuireadh Tomás leo, air a bheith a dtaoibh a mháthar don chineadh cholladha dhaonna, agas don chineol deamhnuidhe a athair.

Chunk Title Goes Here, the Original Text

Definition

Definition goes here.

Form

Form goes here.

Function

Function goes here.