An Síogaí Rómhánach
- Source: Five seventeenth-century political poems
- Léamh team: Samuel Fisher; Brían Ó Conchubhair; Wes Hamrick; Michelle O Riordan
- Description: Political poem; mid-17th century
Innisim fís is ní fís bhréige í.
Le ar súile dúinn ba léir í,
le mo chluasa do-chualas féin í,
í ní cheilim, deirim, déarad.
Lá dá rabhas ar maidin am aonar
annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
sínte ar lic ag sileadh déara,
fá bhfuil dias dob’ fhial fá shéadaibh,
le n-ar ghrámhar ábhar m’éagnaigh,
Iarla mór Thíre Eoghain Néill mhir
is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach,
an tráth do shíleas sgíth do dhéanamh,
cé do chífinn ar mhaoilinn an tsléibhe
acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
do bhain an bárr go bráth do Vénus
is do Mhinerva i ndeilbh ‘s i ndéanamh.
Is maith do figheadh a braoithe caola,
do bhí an t-ór i meón a céibhe,
do bhí an sneachta ‘s a’ lasair ‘na héadan.
Adubhairt liomsa san mball chéadna
do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
Ba fada a caoi ‘s a croidhe dá réabadh.
Innisim fís is ní fís bhréige í.
Le ar súile dúinn ba léir í,
le mo chluasa do-chualas féin í,
í ní cheilim, deirim, déarad.
Lá dá rabhas ar maidin am aonar
annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
sínte ar lic ag sileadh déara,
fá bhfuil dias dob’ fhial fá shéadaibh,
le n-ar ghrámhar ábhar m’éagnaigh,
Iarla mór Thíre Eoghain Néill mhir
is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach,
an tráth do shíleas sgíth do dhéanamh,
cé do chífinn ar mhaoilinn an tsléibhe
acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
do bhain an bárr go bráth do Vénus
is do Mhinerva i ndeilbh ‘s i ndéanamh.
Is maith do figheadh a braoithe caola,
do bhí an t-ór i meón a céibhe,
do bhí an sneachta ‘s a’ lasair ‘na héadan.
Adubhairt liomsa san mball chéadna
do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
Ba fada a caoi ‘s a croidhe dá réabadh.
Innisim fís is ní fís bhréige í.
Le ar súile dúinn ba léir í,
le mo chluasa do-chualas féin í,
í ní cheilim, deirim, déarad.
Lá dá rabhas ar maidin am aonar
annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
sínte ar lic ag sileadh déara,
fá bhfuil dias dob’ fhial fá shéadaibh,
le n-ar ghrámhar ábhar m’éagnaigh,
Iarla mór Thíre Eoghain Néill mhir
is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach,
an tráth do shíleas sgíth do dhéanamh,
cé do chífinn ar mhaoilinn an tsléibhe
acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
do bhain an bárr go bráth do Vénus
is do Mhinerva i ndeilbh ‘s i ndéanamh.
Is maith do figheadh a braoithe caola,
do bhí an t-ór i meón a céibhe,
do bhí an sneachta ‘s a’ lasair ‘na héadan.
Adubhairt liomsa san mball chéadna
do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
Ba fada a caoi ‘s a croidhe dá réabadh.